Charlotte Dease

Ba scríbhneoir agus bailitheoir seanphaidreacha Gaeilge í Charlotte Dease (20 Iúil 1873 – 5 Bealtaine 1953). Scríobh sí agus d’aistrigh sí roinnt leabhar ar bheathaí na naomh freisin.

Rugadh Charlotte Dease ar 20 Iúil 1873 i mBaile Briotáis, Contae Laoise, an tríú páiste de chúigear clainne d’Edmund Gerald Dease agus Mary Grattan, gariníon le Henry Grattan. Bhí a hathair ina ardsirriam sa chontae, ina Fheisire Parlaiminte, agus ina choimisinéir náisiúnta oideachais. Thacaigh sé le Conradh na Talún.

Bhí Charlotte ina ball d’Fheis Laoise agus Osraí agus ina teachtaire d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i 1907. Bhí suim ar leith aici sna paidreacha traidisiúnta. D’fhoilsigh sí bailiúcháin éagsúla paidreacha ó 1911 ar aghaidh. Scríobh Henry Bellingham agus Dubhghlas de hÍde réamhráite ar na saothair. D’aistrigh sí leabhair ón Iodáilis freisin do mhargadh an Bhéarla. Le linn chomóradh Fhuascailt na gCaitliceach, rinne Dease ionadaíocht ar Leabharlann an Chreidimh. Scríobh Dease altanna in irisí ar nós an ''Irish Messenger'' agus ''The Sacred Heart Review'' freisin.

Fuair sí bás ar 5 Bealtaine 1953 ag 31 Sráid Pheambróg, Baile Átha Cliath. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 3 toradh á dtaispeáint as 3 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Dease, Charlotte', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Dease, Charlotte
    Foilsithe / Cruthaithe 1932
    Location: Marian Library, University of Dayton
    LEABHAR
  2. 2
  3. 3
    de réir Dease, Charlotte
    Foilsithe / Cruthaithe 1932
    Location: Marian Library, University of Dayton
    LEABHAR