John McCloskey
Prealáid Mheiriceánach de chuid na hEagalise Caitlicí Rómhánaí ab ea John McCloskey (10 Márta 1810 – 10 Deireadh Fómhair 1885). Rugadh i mBrooklyn, Nua-Eabhrac, é do thuismitheoirí arbh as Contae Dhoire in Éirinn iad. I ndiaidh timpiste ina raibh sé i bhfastó faoi lasta crann nua-ghearrtha ar feadh roinnt uaireanta a chloig, shocraigh sé ar dhul leis na sagairt.Ceapadh ina easpag Caitliceach é ar Albany, Nua-Eabhrac sa bhliain 1847, agus d'fhan sé sa phost sin gur ceapadh é ina ardeaspag ar Dheoise Chathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1864. D'fhan sé sa phost sin go dtí a bhás sa bhliain 1885. Sa bhliain 1875, rinneadh cairdinéal de, an chéad chairdinéal sna Stáit Aontaithe. Faoina stiúradh, tháinig fás mór ar na scoileanna Caitliceacha i Nua-Eabhrac agus ar fud na tíre. Bhí deartháir leis ina ardeaspag ar Louisville, Kentucky. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1Foilsithe / Cruthaithe 1882Rannpháirtithe: “...McCloskey, John, 1810-1885...”
Location: Hesburgh Libraries, University of Notre Dame
LEABHAR -
2Foilsithe / Cruthaithe 1868Rannpháirtithe: “...McCloskey, John, 1810-1885...”
Location: Hesburgh Libraries, University of Notre Dame
LEABHAR -
3Foilsithe / Cruthaithe 1883Rannpháirtithe: “...McCloskey, John, 1810-1885...”
Location: Hesburgh Libraries, University of Notre Dame
LEABHAR