Franz Werfel

Scríbhneoir Ostarach ab ea Franz Viktor Werfel a rugadh ar an 10ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1890 i bPrág agus a shíothlaigh ar an 26ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1945 i mBeverly Hills. D'éalaigh sé roimh na Naitsithe go dtí na Stáit Aontaithe agus sa bhliain 1941 bhain sé amach saoránacht na tíre sin. Ba é an t-eispriseanachas liriciúil an sruth ealaíonta ar chloígh sé leis.

Bhí an-ráchairt ar a chuid scríbhinní sna 1920idí agus sna 1930idí. Ba iad na drámaí agus na saothair phróis ba mhó a thuill clú dó. É féin áfach ba iad a chuid dánta ba mhó a thaitin leis. Is iad na húrscéalta is mó ná ''Verdi. Roman der Oper'' ón mbliain 1924; ''Die vierzig Tage des Musa Dagh'' ón mbliain 1933 (níor tháinig an dara himleabhar i gcló ach sa bhliain 1947) agus ''Das Lied von Bernadette'' ón mbliain 1941. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 2 toradh á dtaispeáint as 2 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Werfel, Franz, 1890-1945.', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Werfel, Franz, 1890-1945
    Foilsithe / Cruthaithe 1950
    Location: Marian Library, University of Dayton
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Werfel, Franz, 1890-1945
    Foilsithe / Cruthaithe 1958
    Location: Marian Library, University of Dayton
    LEABHAR