Leideanna maidir le Cuardach Casta

Cuardaigh Réimsí

Cuirtear roinnt réimsí cuardaigh os do chomhair nuair a théann tú go leathanach an Chuardaigh Chasta. Féadfaidh tú na heochairfhocail atá uait a chlóscríobh i ngach réimse. Ceadaítear Oibreoirí cuardaigh a úsáid

Bíonn roghchlár anuas in éineacht le gach réimse, a chuireann ar do chumas an cineál sonra (teideal, údar, srl.) atá uait a shonrú. Féadfaidh tú na cineálacha éagsúla cuardaigh a úsáid in éineacht le chéile cibé bealach is mian leat.

Cuireann an socrú “Meaitseáil” ar do chumas a shonrú conas ilraonta cuardaigh a láimhseáil.

Is féidir an cnaipe “Cuir Réimse Cuardaigh Leis” a úsáid chun réimsí cuardaigh breise a chur leis an bhfoirm. Féadfaidh tú an oiread réimsí cuardaigh a úsáid agus is mian leat.

Grúpaí Cuardaigh

D’fhéadfadh sé tarlú nach leor tacar amháin réimsí cuardaigh i gcomhair cuardach casta áirithe. Cuir is gcás, mar shampla, dá mba mhian leat leabhair a fháil faoi stair na Síne nó na hIndia. Dá ndéanfá cuardach ‘GACH Téarma’ i gcomhair na Síne, na hIndia, agus na Staire ní bhfaighfeá ach leabhair faoin tSín AGUS faoin India. Dá ndéanfá cuardach AON Téarma gheofá leabhair staire nach raibh baint ar bith acu leis an tSín nó leis an India.

Cuireann Grúpaí Cuardaigh ar do chumas cuardach a dhéanamh bunaithe ar ilghrupaí réimsí cuardaigh. Cuirtear grúpa nua réimsí leis gach uair a chliceálann tú an cnaipe “Cuir Grúpa Cuardaigh Leis”. Nuair a bhíonn ilghrúpaí cuardaigh agat féadfaidh tú na grúpaí sin nach dteastaíonn uait a bhaint trí an cnaipe “Bain an Grúpa Cuardaigh”, agus féadfaidh tú a shainiú an mian leat meaitseáil a fháil i gcás AON ghrúpa cuardaigh nó i gcás GACH grúpa cuardaigh.

D’fhéadfá an fhadhb a bhí agat sa sampla a tugadh thuas faoi stair na Síne nó na hIndia a sheachaint trí ghrúpaí cuardaigh mar seo a úsáid: